Íoc muirear custam
Tá muirear custam curtha i bhfeidhm ag na Coimisinéirí Ioncaim ar earraí a thagann isteach as tíortha lasmuigh den AE. Ní mór an Muirear Custam seo a íoc leis An Post laistigh de 16 lá oibre d'fhonn d'earra a scaoileadh saor le haghaidh seachadta. Gearrann An Post táille riaracháin custam ar son láimhseáil chustam earraí a iompórtáiltear as tíortha lasmuigh den AE. Tá an táille seo de bhreis ar aon dleacht nó CBL iníoctha.
Íoc Custaim